Tuesday, June 29, 2010

Barántas Bainc - síneadh curtha leis

Tá síneadh curtha leis an mbarántas bainc Eireannach go dti deireadh na bliana. Cheadaigh an Coimisiún Eorpach é seo inniu.

Bhí deireadh le theacht leis an scéim ar an 29 Meán Fómhair.

Tugann an scéim cosaint do 400 billiún euro (ó Mheán Fómhair 2008).

Dhá bhliain a bhí sa scéim ar dtús. Ach anuraidh, cheadaigh an rialtas do na bainc fiachais a eisiúint a mbeadh sprioc-dháta cúig bliana orthu.

Níl baint ag coigiltis leis an scéim (suas go dtí 100,000 euro). Ach tá cosaint acu siúd faoin Scéim Bharántas Coigiltis. Níl aon dáta deiridh leis sin.

Consumer Sentiment - Feabhsaithe

Consumer sentiment:
Tá sé ardaithe go dtí an leibhéal is airde ó D Fómhair 2007. Shíl tomhaltóirí go raibh cúinsí fábharacha ceannacháin ann agus go raibh an chosúlacht ar an scéal go bhfeabhsódh rudaí go heacnamaíoch.

Tá sé ag 67.9 anois (Meitheamh), ón bpointe is laige i mí Iúil seo caite (39.6)


Ach tá tomhaltóirí fós buartha faoi fhostaíocht agus faoi airgeadais teaglaigh don bhliain atá le theacht.

Ar bhonn Eorpach, tá tomhaltóirí níos diúltaigh.

Deir Austin Hughes ó KBC, go bhfuil tomhaltóirí san Eoraip mí-shásta mar gheall ar chiorruithe fíocmhaire atáthar a chur i bhfeidhm ansin anois. Deir sé go bhfuil tomhaltóirí in Éirinn níos dearfaigh mar gur cuireadh na ciorruithe i bhfeidhm go luath agus go bhfeiceann siad rudaí ag feabhsú anois.

Ach tá 3bn le baint ciorrú sa mbliain atá le theacht agus sa mbliain ina dhiaidh sin arís, mar sin b'fheidir go n-athródh meon na nEireannach dá réir sin.

Monday, June 28, 2010

Bille um Fhiadhúlra (Wildlife Amendment Bill)

Moltar sa mbille seo cosc a chur ar fhia-fhiach.

Ach tá feachtas láidir ina choinne. Freisin, labhair seachtar Teachta Dála ó FF ina choinne.

Ach tá sé ráite ag an Aire Comhshaoil agus ag ceannaire Chomhaontas Ghlas, John Gormley go sárófar na fadhbanna. Deir sé go bhféadfaí mion-leasuithe a dhéanamh ar an mbille a shásódh cúlbhínseoirí FF.

Deir an tAire Gormley nár chóir an iomarca ama a chaitheamh leis an díospóireacht seo de bhrí nach é is tábhachtaí ag an staid seo. Luaigh sé ceisteanna eacnamaíocha.

Madraí
Déanfar díospóireacht ar bhille chonspóideach eile sa Dáil Dé hAoine. Baineann an bille seo le síolrú madraí.

Deir an feachtas RISE go mbeadh na figiúirí acu leis an vóta a bhuachaint sa Dáil ar an Mháirt.

Deirtear go bhfuil stocaireacht á dhéanamh le Mary Wallace, FF, ón Mhí Thoir; Mattie McGrath, ó Thiobraid Arann; John Gormley, Ciarraí Theas; Christy O'Sullivan, Corcaigh; Johnny Brady, ón Mhí.

Glacfaidh Unite le Comhaontú Pháirc an Chrócaigh

Tá sé ráite ag an gceardchumann Unite go gcloífidh siad le móramh ICTU.

Vótáil Unite i gcoinne Chomhaontú Pháirc an Chrócaigh.

Deir siad go raibh cruinniú teasaí acu agus gur shíleadar go mbeadh siad níos éifeachtaí ar ná as Coiste na hEarnála Poiblí, ICTU.

Bhagair siad gníomhaíocht tionsclaíoch áfach mura gcloífeadh an rialtas lena ngeallúintí féin - cosaint do phostanna agus gealltanas gan tuilleadh ciorruithe a chur i bhfeidhm.