Thursday, May 27, 2010

VHI le díol

Tá sé fógraithe ag an rialtas go bhfuil siad le VHI Healthcare a dhíol.

Seo'd í an comhlacht árachais sláinte is mó sa tír.

Ach ní dhíolfar an comhlacht go dtí go mbíonn an leibhéal sócmhainneachta aici a bhíonn a chaitheann a bheith ag comhlachtaí árachais sláinte eile.

Ach sula ndíoltar VHI, infheisteoidh an Stát suim chaipitl sa gcomhlacht le cuidiú léi an leibhéal cuí sócmhainneachta a bhaint amach. Ní fios fós cé mhéid a bheadh i gceist leis seo. Agus ní fios cé mhéid airgid a chaill VHI anuraidh (ní thabharfaidh an Roinn Airgeadais é sin le fios).

Deir oifigigh ón Roinn Sláinte nach síltear dóibh go n-ardóidh costas árachais sláinte ná go gcaillfí aon cheann den 900 post sa gcomhlacht.

Tarlóidh díolachán VHI thart ar an am a bhfuil an Scéim Chothromaíocht Riosca le cur i bhfeidhm. Cuirfear i bhfeidhm ar dtús i 2012 é (ar bhonn shealadach) agus ansin go hiomlán i 2013.

Faoin scéim, íocfaidh comhlachtaí árachais sláinte cúiteamh le comhlachtaí árachais sláinte eile a bhfuil líon níos airde de chustaiméirí aosta acu.

Faoi láthair, tá líon níos airde de chustaiméirí aosta ag an VHI.

Ní fios fós cén luach atá ar an gcomhlacht.

___
Ní fios ach oiread cén chúis go bhfuil an comhlacht le díol - an é go bhfuil an rialtas ag iarraidh na fiachais a bhaineann leis a ghlanadh nó an é go gcreidtear go bhfuil airgead le déanamh as an ndíolachán.

Wednesday, May 26, 2010

Easaontóirí Poblachtánacha

Tá tuarascáil eile foilsithe ag an IMC - Coiomisiún Monatóireachta Neamhspleách - atá ar an bhfód le sé bliana.

Deir siad go bhfuil an Fíor-IRA agus an tIRA Leanúnach fíochmhar, foréigeanach agus sásta daoione a mharú. Teastaíonn uathu próiseas na síochána a chur as rocht freisin, a dúradh.

Tá tuarascáil an choimisiún á iniúchadh ag rialtais na hEireann is na Breataine.

M Fómhair 2009 go dtí Feabhra na bliana seo an tréimhse a bhí faoi scrúdú.

Tá ceathrar sa gcoimisiún (IMC).

Deirtear sa tuarascáil go bhfuil a gcuid breathnadóireachta ar pharamíleataí méadaithe ag an PSNI agus ag na Gardaí.

Tá líon na n-ionsaithe méadaithe ag lucht paramíleata a dúradh. Gardaí is oifigigh an PSNI is mó a ionsaítear, a dúradh.

Tugtar le fios freisin go bhfuil siad ag earcú ógánaigh gan taithí agus bhfuil siad i mbun iarrachtaí gunnaí agus armlóin a fháil in áiteanna sa bPoblacht agus sa Tuaisceart.

Deir an IMC go bhfuil coiriúlacht ar bun ag paramíleataigh freisin - robáil, kidnapping, extortion, mí-shuaimhneas/iompar poiblí.

Deirtear go mb'fhéidir go mbeadh iar-bhall den IRA - déantúsóir buanaí - leis na heasaontóirí poblachtánacha anois agus go mb'fhéidir go bhfuil roinnt iar-bhaill den IRA ag cuidiú leo.

Ní féidir a rá áfach, gur ionann an méid atá ag tarlú is feachtas an IRA Sealadach féin.

Deir Stát-Rúnaí nua an Tuaiscirt Owen Paterson gur léirigh olltoghchán na Breataine go bhfuil tacaíocht ag na páirtithe a thacaíonn le próiseas na síochána.


The Northern Secretary Owen Paterson said the UK general election showed that there was overwhelming support for parties who want to make the political process work.
He said recent significant acts of decommissioning by both loyalist and republican paramilitaries marked a sea change in paramilitary activity.
He said the region still faced serious paramilitary challenges, but the decision by many to eschew violence was a hugely important signal of change.
O'Dowd calls for end to IMC
Meanwhile, a leading Sinn Féin member has called for the IMC to be wound up.
Upper Bann Assembly member John O'Dowd said the money should be put into frontline services to minimise the cuts being introduced by the British government.
He said the money was currently being wasted in the IMC's administration and expenses.
Mr O'Dowd said the Commission was no part of the architecture of the Good Friday Agreement and had been set up as a unionist comfort blanket. He said it had no role to play in the political process.
'No doubt the IMC will produce their usual and predictable report, the contents of which will have no influence on the political process.
'This is the function it has played for the past six years. It is a leftover from David Trimble's era and one which is little more than a cash cow for those involved', Mr O'Dowd said.
'Can anyone seriously justify continuing to pump millions of pounds of public money into the IMC particularly at a time when there are real and acute pressures on frontline services in education, health and other areas?' he asked.

printable version
share this
Audio & Video
One News: Tommie Gorman, Northern Editor, reports the threat from dissident republicans is at its highest in the seven-year history of the Independent Monitoring Commission

Binse Fionsraithe Moriarty - Tuarascáil Eatramhach?

Scríobh Cathaoirleach Bhinse Fiosraithe Moriarty chuig ceannairí na bpáirtithe polaitiúla ag rá go bhfuil sé ag smaoineamh tuarascáil eatramhach a fhoilsiú.

D'iarr ceannairí na bpáirtithe cruinniú ar an Taoiseach leis an méid ama atá an binse ag suí a phléigh leo.

Deir ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre Éamonn Gilmore gur leag an cathaoirleach cúiseanna na moille amach. Airíodh dúshláin dhlíthiúla i measc na gcúiseanna (na cásanna a thóg Charles Haughey in aghaidh an bhinse ina measc).

Deir an cathaoirleach go bhfuil dhá phíosa oibre fágtha ag an mbinse:

i) an t-airgead (money-trail)....b'fhéidir go bhfoilseofaí tuarascáil luath bunaithe ar seo

ii) ábhair eile


Aistarraingt choncluidí (findings)

Baineann seo le conclúidí a d'fhoilsigh an binse in Eanáir 2010.
Bhagair an fear gnó, Dermot Desmond, athbhreithniú dlíthiúil a dhéanamh ar obair an bhinse mura dtarraingeofaí siar na conclúidí.

Cheistigh an binse fiosraithe an t-abhcóide sinsearach, Richard Nesbitt, i mí Iúil 2009 faoi chomhairle dhlí a chur sé ar an Roinn Cumarsáide i 1996. Bhain an chomhairle le dleathacht an cheadúnais a tugadh do Esat Digifone.

Sé'n chúis a ceistíodh Richard Nesbitt i 2009, ná gur fhoilsigh an binse réamh-chonclúidí in Eanáir 2008. Ina dhiaidh sin, chuir páirtithe éagsúla aighneachtaí fúthu sin, faoi bhráid an bhinse.

Deir Richard Nesbitt in Iúl 2009, gur thug sé comhairle i 1996 go raibh an ceadúnas dleathach, aineoinn go raibh scairshealbhaíocht faighte ag Dermot Desmond in Esat go gairid sular bronnadh an ceadúnas orthu.

Tháinig an binse ar chonclúidí rúnda eile i mí Eanáir na bliana seo. Sna conclúidí seo, tugadh le fios nár ghlac an binse fiosraithe le fianaise Richard Nesbitt i mí Iúil 2009 (gur thug sé comhairle go raibh an ceadúnas dleathach i 1996).

Shuí an Binse Fiosraithe arís ina dhiaidh seo. Ceistíodh beirt oifigeach ó Oifig an Ard-Aighne - John Gormley agus Denis McFadden. Thacaigh siadsan le fianaise Richard Nesbitt.

Is mar gheall ar seo a tharraing an Brth. Moriarty a chuid conclúidí faoi Dermot Desmond siar Dé hAoine seo caite (21 Bealtaine).

Deir an Br. Moriarty freisin go bhfuil athbhreithniú le déanamh ar na réamh-chonclúidí a rinneadh in Eanáir 2008 agus go mb'fhéidir go dtarraingeofaí siar iad sin freisin.

Níor theastaigh ón mBinse Fiosraithe Denis McFadden agus John Gormley ón mBinse Fiosraithe a cheistiú ar dtús, aineoinn an t-iarratas sin a bheith déanta ag roinnt páirithe.

Ach mar gheall gur ceistíodh iad - agus gur thacaigh siad le fianaise Richard Nesbitt - tarraingíodh siar conclúidí a bhain leis an Stát, an Roinn Cumarsáide, Oifig an Ard-Aighne, an t-iar-Aire Michael Lowry, Dermot Desmond, roinnt de scair-shealbhóirí Esat agus Denis O'Brien.


Pointí suntasacha:
- Bhunaigh an Dáil an Binse Fiosraithe i 1997
- chosain an Binse Fiosraithe E39.15m go dtí seo
- Measann Denis O'Brien go gcosnóidh an BF 212,000,000 ar fad ar deireadh
- Scríobh an Taoiseach chuig an BF níos luaithe an mhí seo ag ceistiú cén fhad a thógfadh an fiosrúchán
- Mar fhreagra, deir an BF go raibh éiginnteacht faoi theacht i láthair fhinné agus nach bhféadfaí a bheith cinnte
- Ní raibh Dermot Desmond ainmnithe in iarratas Esat ar dtús
- Nuair a fuair an Roinn Cumarsáide amach go raibh sé páirteach, d'fhiosraigh siad a stádas airgeadais
- Deir an BF nach bhfuair an Roinn Cumarsáide freagra díreach ó Oifig an Ard-Aighne faoi pháirtíocht Dermot Desmond (ó shin fuaireadh amach go bhfuair......Nesbitt/McFadden/Gormley)

Fiosrúchán Dhomhnach na Fola

Meastar go bhfoilseofar an tuarascáil um Fhiosrúchán Dhomhnach na Fola (Doire 1972) i gceann trí seachtainí.



Sé an Tiarna Saville a bhí i mbun an fhiosrúcháin. Foilseofar an tuarascáil i Londain ach beidh réamh-amharc ag gaolta na ndaoine a maraíodh ar an tuarascáil i nDoire roimh réidh.



Maraíodh 13 i mí Eanáir 1972 nuair a scaoil saighdiúirí ó Arm na Breataine (paratroopers) le slua a bhí ag léirsiú ar son chearta sibhialta. Bhásaigh an ceathrú duine déag ina dhiaidh sin.



Chuir an Tiarna Saville tús leis an bhfiosrúchán i 1998 agus ceistíodh 900 finné, 245 saighdiúr ina measc.

Rialtóir Airgeadais - Trioblóidí Morgáistí ardaithe

Deir an Rialtóir Airgeadais, Matthew Elderfield gur léirigh faisnéis atá bailithe don chéad trí mhí den bhliain go bhfuil ardú tagtha ar líon na ndaoine a bhfuil fadhbanna acu morgáiste a íoc agus ar líon na ndaoine a bhfuil an banc ag tógáil a dtithe ar ais uathu.

Bhí sé ag labhairt ag Institiúid Aracháis na hEireann inniu.

Deir sé freisin nach bhfuil aon réiteach simplí ann do dhaoine a bhfuil fadhbanna acu morgáiste a íoc. (ie NAMA do ghnáth-dhaoine).

Dá mbeadh scéim mar sin ag an Stát, a deir sé, an cáin-íocóir a bheadh ag íoc as ar aon nós.

Monday, May 24, 2010

Mí-Éifeacht an HSE agus Cúram Leanaí

Theip ar an HSE go dtí seo a dheimhniú cé mhéid páiste a fuair bás agus iad faoina gcúram.

Tá grúpa athbhreithnithe neamhspleách bunaithe ag an Aire Leanaí, Barry Andrews leis na cásanna ar fad - páistí a bhásaigh agus iad faoi chúram an HSE - le deich mbliana anuas a scrúdú.

Deir an HSE roimhe seo gur 24 páiste a bhásaigh. Ach tá figiúr chomh h-ard le 200 luaite freisin.

Ní hamháin nach bhfuil an HSE in ann líon cruinn a luaigh, ach níl aon eolas fós tugtha acu do ghrúpa neamhspleách an Aire.

Deir Leas-Stiúrthóir Chúram Leanaí an HSE, Phil Garland go bhfuil fabhtanna i gcóras an fheidhmeannais i leith eolas a bhailiú faoi pháistí i mbaol.

Ní deá-léiriú é seo ar an HSE. Ach tá an córas sláinte tar éis ógánaigh a bhfuil meabhair-ghalair orthu a chur in éineacht le hothair fásta agus glactar leis go bhfuil sé seo mí-fheiliúnach freisin.

Teastaíonn uainn a fháil amach anois:

Cé mhéid páiste a bhásaigh faoi chúram an HSE?
Cén chaoi ar bhásaigh siad?
An raibh éinne faillíoch?
An bhfuil breis acmhainní ag teastáil?
An bhfuil an córas le heolas a bhailiú fúthú sách maith?
An bhfuil an córas monatóireachta sách maith?
An bhféadfadh sé seo tarlú arís?
Srl.

Friday, May 21, 2010

Cosaint Leanaí

Thángthas ar thaisí le dhá scór páiste in uaigh neamh-mharcáilte i gcillín sa Ráth Garbh i mBleá Cliath le gairid. Páistí iad a raibh cónaí orthu i Bethany House - ionad máithreachais, ionad cónaí do pháistí agus áit coinneála do mhná ab ea é. Is ó 1935/36 na taisí.

Cuireadh dhá scór páiste i dhá uaigh. Tá ainmneacha curtha leo anois.

Tá íospartaigh ag iarraidh cúiteamh ón Stát, a bhí freagrach as an Teach a rith, a dúradh.

Tuarascáil Uí Riain
Cothrom an lae inné a foilsíodh Tuarascáil Uí Riain - fiosrúchán a rinne an Breitheamh Seán Ryan faoin mhí-úsáid fhisiciúil agus mheabhrach a d'fhulaing páistí in ionaid chónaithe Stáit a bhí á rith ag Oird Reiligiúnda.

Cháin eagraíochtaí éagsúla an rialtas mar gheall ar a laghad atá déanta ó foilsíodh an tuarascáil. Thiomsaigh an rialtas 99 moladh tar éis fhoilsiú na tuarascála. Ach dar leis na heagraíochtaí go bhfuil an méid atá déanta go dtí seo neamh-shuntasach agus ró-mhall.

Reifreann
Tá sé á iarraidh le blianta anois go mbeadh foráil shainniúil sa mBunreacht i leith chearta leanaí. Tá an cheist scrúdaithe ag dhá Chomhchoiste Oireachtais. Ach níl an rialtas - ná an tAire Leanaí is Gnóthaí Óige, Barry Andrews - sásta dáta cinnte a thabhairt do reachtáil na reifrinne ar an gceist.

Measann tráchtairí áirithe go bhfuil an rialtas ag iarraidh é seo a sheachaint de bhrí go gcuirfí brú orthu an trí fho-thoghchán a reachtáil ar an lá céanna (Dún na nGall Thiar-Theas, Port Láirge, Bleá Cliath Theas).

Léirigh Tuarascáil Uí Riain, Uí Mhurchú agus cás Daniel McAnaspie - a maraíodh agus é faoi chúram an HSE - le gairid laigeachtaí an stáit maidir le cúram leanaí. Cúis imní é mura bhfuil na fadhbanna a léirigh na cásanna sin á gceartú go tapaí anois.

Diúltaíonn an TUI

Dhiúltaigh an TUI agus an ASTI do Chomhréiteach Pháirc an Chrócaigh. Vótáil 73% de bhaill an TUI agus diúltaíodh dó 3 in aghaidh 1.

Tá an CPSU tar éis diúltú dó cheana fhéin. Vótáilfidh an INTO tráthnóna.

Tá comhréiteach Pháirc an Chrócaigh molta ag ceannasaíocht SIPTU agus INMO (Irish Nurses and Mid-wives Organisation).

Deir Ard-Rúnaí an TUI, Peter McMenamin gur shíl seisean gur vótáileadh ina choinne mar gheall ar an iarratas go ndéanfaí idirbheartaíocht úr ar chonarthaí múinteoirí.

Tá éiginnteacht cothaithe aige seo ar fad.

Má dhiúltaítear don chomhréiteach, céard a tharlóidh ansin? Caitheadh dua á phlé seo - an féidir tosaí as an nua agus tús a chur le tuilleadh cainteanna? Ní dóigh gur féidir.

An bhfuil na ceardchumainn ag déanamh leas dhóibh fhéin, nó a mhalairt? Faoin gcomhréiteach, bheadh siad saor ó chiorruithe pá go dtí 2014. Ach ní féidir an geallúint sin a thabhart d'oireasa na comhréitigh. Agus tá ciorruithe E3bn le tógáil as an ngeilleagar i mbuiséad na bliana seo.

Ghlac an Public Service Executive Union agus an Association of Higher Civil and Public Servants leis an gcomhréiteach go dtí seo. Ach dealraíonn sé gur státseirbhísigh meán agus ard-stádais iadsan le hioncaim níos airde mar sin bhí siad in ann glacadh leis na ciorruithe ar bhealach níos réidh.

Tá fadhb ag an rialtas á bharr seo ar fad. Bheadh sé i bhfad níos éasca ciorruithe a chur i bhfeidhm ar bhonn comhréitigh. Ach má dhiúltaítear don chomhréiteach, tá níos mó baol ann go mbeidh léirsithe ar na sráideanna agus brú orthu ón bpobal. Níl léirsiú ar bith feicithe againn go dtí seo i gcomparáid leis na cinn a thiocfaidh má theipeann ar an gcomhréiteach agus má dhéanann an rialtas iarracht ciorruithe 3bn a chur i bhfeidhm i mí na Nollag seo chugainn.

Má thagann léirsithe agus mí-shuaimhneas shibhialta go tréan cothóidh sé amhras sna margaí i leith na tíre seo. Beidh sé níos daoire ag Éire airgead a fháil ar iasacht. Ní bheidh an oiread tóir ar na bannaí atá á ndíol go rialta ag an NTMA (fuair siad E1.5bn an tseachtain seo agus tá dhá thrian d'airgead na bliana acu cheana féin - bhí an ráta úis beagán níos airde ach sásúil i bhfianaise an 110bn atá á thabhairt don Ghréig).

Ach mar fhocal scoir, tá na hoibrithe san earnáil phoiblí ag rá gur díríodh an chuid is mó de na ciorruithe orthu siúd. Deir siad go bhfuil iocam chuid dá n-oibrithe laghdaithe suas le 15% (nuair a chuirtear na ciorruithe, táille phinsin agus laghdú/cealú bónais san áireamh).

Achoimre ar a gciorruithe:
- 5% ar an gcéad 30,000
- 7.5% ar 40,000 thairis sin
- 10% ar 50,000 thairis sin

Pinsean:
- Beidh pinsean feasta bunaithe ar mheán-ioncaim feadh do shaoil, seachas do thuarastal nuair a chríochnaíonn tú.
- Ardaíodh aois an phinsin ó 65 go dtí 66