Wednesday, May 26, 2010

Binse Fionsraithe Moriarty - Tuarascáil Eatramhach?

Scríobh Cathaoirleach Bhinse Fiosraithe Moriarty chuig ceannairí na bpáirtithe polaitiúla ag rá go bhfuil sé ag smaoineamh tuarascáil eatramhach a fhoilsiú.

D'iarr ceannairí na bpáirtithe cruinniú ar an Taoiseach leis an méid ama atá an binse ag suí a phléigh leo.

Deir ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre Éamonn Gilmore gur leag an cathaoirleach cúiseanna na moille amach. Airíodh dúshláin dhlíthiúla i measc na gcúiseanna (na cásanna a thóg Charles Haughey in aghaidh an bhinse ina measc).

Deir an cathaoirleach go bhfuil dhá phíosa oibre fágtha ag an mbinse:

i) an t-airgead (money-trail)....b'fhéidir go bhfoilseofaí tuarascáil luath bunaithe ar seo

ii) ábhair eile


Aistarraingt choncluidí (findings)

Baineann seo le conclúidí a d'fhoilsigh an binse in Eanáir 2010.
Bhagair an fear gnó, Dermot Desmond, athbhreithniú dlíthiúil a dhéanamh ar obair an bhinse mura dtarraingeofaí siar na conclúidí.

Cheistigh an binse fiosraithe an t-abhcóide sinsearach, Richard Nesbitt, i mí Iúil 2009 faoi chomhairle dhlí a chur sé ar an Roinn Cumarsáide i 1996. Bhain an chomhairle le dleathacht an cheadúnais a tugadh do Esat Digifone.

Sé'n chúis a ceistíodh Richard Nesbitt i 2009, ná gur fhoilsigh an binse réamh-chonclúidí in Eanáir 2008. Ina dhiaidh sin, chuir páirtithe éagsúla aighneachtaí fúthu sin, faoi bhráid an bhinse.

Deir Richard Nesbitt in Iúl 2009, gur thug sé comhairle i 1996 go raibh an ceadúnas dleathach, aineoinn go raibh scairshealbhaíocht faighte ag Dermot Desmond in Esat go gairid sular bronnadh an ceadúnas orthu.

Tháinig an binse ar chonclúidí rúnda eile i mí Eanáir na bliana seo. Sna conclúidí seo, tugadh le fios nár ghlac an binse fiosraithe le fianaise Richard Nesbitt i mí Iúil 2009 (gur thug sé comhairle go raibh an ceadúnas dleathach i 1996).

Shuí an Binse Fiosraithe arís ina dhiaidh seo. Ceistíodh beirt oifigeach ó Oifig an Ard-Aighne - John Gormley agus Denis McFadden. Thacaigh siadsan le fianaise Richard Nesbitt.

Is mar gheall ar seo a tharraing an Brth. Moriarty a chuid conclúidí faoi Dermot Desmond siar Dé hAoine seo caite (21 Bealtaine).

Deir an Br. Moriarty freisin go bhfuil athbhreithniú le déanamh ar na réamh-chonclúidí a rinneadh in Eanáir 2008 agus go mb'fhéidir go dtarraingeofaí siar iad sin freisin.

Níor theastaigh ón mBinse Fiosraithe Denis McFadden agus John Gormley ón mBinse Fiosraithe a cheistiú ar dtús, aineoinn an t-iarratas sin a bheith déanta ag roinnt páirithe.

Ach mar gheall gur ceistíodh iad - agus gur thacaigh siad le fianaise Richard Nesbitt - tarraingíodh siar conclúidí a bhain leis an Stát, an Roinn Cumarsáide, Oifig an Ard-Aighne, an t-iar-Aire Michael Lowry, Dermot Desmond, roinnt de scair-shealbhóirí Esat agus Denis O'Brien.


Pointí suntasacha:
- Bhunaigh an Dáil an Binse Fiosraithe i 1997
- chosain an Binse Fiosraithe E39.15m go dtí seo
- Measann Denis O'Brien go gcosnóidh an BF 212,000,000 ar fad ar deireadh
- Scríobh an Taoiseach chuig an BF níos luaithe an mhí seo ag ceistiú cén fhad a thógfadh an fiosrúchán
- Mar fhreagra, deir an BF go raibh éiginnteacht faoi theacht i láthair fhinné agus nach bhféadfaí a bheith cinnte
- Ní raibh Dermot Desmond ainmnithe in iarratas Esat ar dtús
- Nuair a fuair an Roinn Cumarsáide amach go raibh sé páirteach, d'fhiosraigh siad a stádas airgeadais
- Deir an BF nach bhfuair an Roinn Cumarsáide freagra díreach ó Oifig an Ard-Aighne faoi pháirtíocht Dermot Desmond (ó shin fuaireadh amach go bhfuair......Nesbitt/McFadden/Gormley)

No comments:

Post a Comment