Friday, May 21, 2010

Cosaint Leanaí

Thángthas ar thaisí le dhá scór páiste in uaigh neamh-mharcáilte i gcillín sa Ráth Garbh i mBleá Cliath le gairid. Páistí iad a raibh cónaí orthu i Bethany House - ionad máithreachais, ionad cónaí do pháistí agus áit coinneála do mhná ab ea é. Is ó 1935/36 na taisí.

Cuireadh dhá scór páiste i dhá uaigh. Tá ainmneacha curtha leo anois.

Tá íospartaigh ag iarraidh cúiteamh ón Stát, a bhí freagrach as an Teach a rith, a dúradh.

Tuarascáil Uí Riain
Cothrom an lae inné a foilsíodh Tuarascáil Uí Riain - fiosrúchán a rinne an Breitheamh Seán Ryan faoin mhí-úsáid fhisiciúil agus mheabhrach a d'fhulaing páistí in ionaid chónaithe Stáit a bhí á rith ag Oird Reiligiúnda.

Cháin eagraíochtaí éagsúla an rialtas mar gheall ar a laghad atá déanta ó foilsíodh an tuarascáil. Thiomsaigh an rialtas 99 moladh tar éis fhoilsiú na tuarascála. Ach dar leis na heagraíochtaí go bhfuil an méid atá déanta go dtí seo neamh-shuntasach agus ró-mhall.

Reifreann
Tá sé á iarraidh le blianta anois go mbeadh foráil shainniúil sa mBunreacht i leith chearta leanaí. Tá an cheist scrúdaithe ag dhá Chomhchoiste Oireachtais. Ach níl an rialtas - ná an tAire Leanaí is Gnóthaí Óige, Barry Andrews - sásta dáta cinnte a thabhairt do reachtáil na reifrinne ar an gceist.

Measann tráchtairí áirithe go bhfuil an rialtas ag iarraidh é seo a sheachaint de bhrí go gcuirfí brú orthu an trí fho-thoghchán a reachtáil ar an lá céanna (Dún na nGall Thiar-Theas, Port Láirge, Bleá Cliath Theas).

Léirigh Tuarascáil Uí Riain, Uí Mhurchú agus cás Daniel McAnaspie - a maraíodh agus é faoi chúram an HSE - le gairid laigeachtaí an stáit maidir le cúram leanaí. Cúis imní é mura bhfuil na fadhbanna a léirigh na cásanna sin á gceartú go tapaí anois.

No comments:

Post a Comment