Thursday, May 27, 2010

VHI le díol

Tá sé fógraithe ag an rialtas go bhfuil siad le VHI Healthcare a dhíol.

Seo'd í an comhlacht árachais sláinte is mó sa tír.

Ach ní dhíolfar an comhlacht go dtí go mbíonn an leibhéal sócmhainneachta aici a bhíonn a chaitheann a bheith ag comhlachtaí árachais sláinte eile.

Ach sula ndíoltar VHI, infheisteoidh an Stát suim chaipitl sa gcomhlacht le cuidiú léi an leibhéal cuí sócmhainneachta a bhaint amach. Ní fios fós cé mhéid a bheadh i gceist leis seo. Agus ní fios cé mhéid airgid a chaill VHI anuraidh (ní thabharfaidh an Roinn Airgeadais é sin le fios).

Deir oifigigh ón Roinn Sláinte nach síltear dóibh go n-ardóidh costas árachais sláinte ná go gcaillfí aon cheann den 900 post sa gcomhlacht.

Tarlóidh díolachán VHI thart ar an am a bhfuil an Scéim Chothromaíocht Riosca le cur i bhfeidhm. Cuirfear i bhfeidhm ar dtús i 2012 é (ar bhonn shealadach) agus ansin go hiomlán i 2013.

Faoin scéim, íocfaidh comhlachtaí árachais sláinte cúiteamh le comhlachtaí árachais sláinte eile a bhfuil líon níos airde de chustaiméirí aosta acu.

Faoi láthair, tá líon níos airde de chustaiméirí aosta ag an VHI.

Ní fios fós cén luach atá ar an gcomhlacht.

___
Ní fios ach oiread cén chúis go bhfuil an comhlacht le díol - an é go bhfuil an rialtas ag iarraidh na fiachais a bhaineann leis a ghlanadh nó an é go gcreidtear go bhfuil airgead le déanamh as an ndíolachán.

No comments:

Post a Comment